PENGUIN PIANOS

Le Bourg
L'ancien Bureau de Poste
Louroux-Bourbonnais

Allier
France

T +33 470092601
M +353 87 9150068

Seirbhís & Ráthaíocht

Nuair a cheannaíonn tú pianó ónár gceardlann, cuirimid seirbhís iomlán iardhíola ar fáil duit. Ní ghearrfar aon táillí breise le haghaidh pianó a sheachadadh agus a shocrú ar mhórthír na hÉireann más bunurlár atá i gceist.

 

Baránta

Is iad seo a leanas na barántaí a thugtar go hiondúil:

  • Nuair a cheannaítear pianó nua tugtar baránta 7 mbliana, má úsáidtear agus má chothaítear an uirlis ceoil go normálta agus na dálaí aeráide cuí á gcur san áireamh.

  • Nuair a dheisítear pianó anseo, tugtar baránta 3 bliana ar an bpáirt dheisithe, má tháinig an pianó i dtosach uainn nó má cuireadh ar aghaidh chugat uainn é. Féadtar barántaí níos faide ná 12 bliana a chur ar fáil le haghaidh tionscadal athchóirithe áirithe.

  • Nuair a cheannaítear pianó ar athdhíol uainn, tugtar baránta iomlán teicniúil 3 bliana. Tugtar an baránta ar choinníoll go n-úsáidtear agus go gcothaítear an uirlis ceoil go nádúrtha agus na dálaí aeráide cuí á gcur san áireamh.


Seachadadh Cúirtéise agus Seirbhís Tiúnta

  • Nuair a cheannaíonn tú pianó ónár gceardlann, cuirimid seirbhís iomlán iardhíola ar fáil duit. Ní ghearrfar aon táillí breise le haghaidh pianó a sheachadadh agus a shocrú ar mhórthír na hÉireann más bunurlár atá i gceist.

  • Déanfar coinne chun do phianó a thiúnadh saor in aisce den chéad uair aon lá seachas an Domhnach laistigh de thrí mhí tar éis an pianó a sheachadadh.


Tóg ar Cíos nó Tóg ar Cíos roimh Cheannach

  • Is féidir pianónna agus mórphianónna a thógáil ar cíos go ceann tamaill ghairid nó tamaill fhada, go hiondúil le céadrogha ar cheannach.

  • Gearrfar táillí ar leith ar sheirbhísí tiúnta.

  • Socraítear an costas a bhaineann leis an uirlis ceoil a iompar ag tús an léasa, mar aon leis an gcíos don chéad sé mhí.

  • I gcás ina ndéantar cinneadh chun an uirlis ceoil a cheannach, tar éis ar a laghad cíos bliana amháin a bheith íoctha, bainfear den phraghas ceannaigh an méid cíosa a bheidh íoctha i rith na bliana mar aon le costas seachadta an phianó. I gcás ina gceannaíonn tú uirlis ceoil difriúil a thaitníonn níos mó leat, tar éis cíos bliana amháin a bheith íoctha agat, bainfear den phraghas ceannaigh an méid cíosa a bheidh íoctha i rith na bliana ach ní bhainfear ach leath chostas iompair an phianó.

Glaoigh orainn inniu!

Teileafón

+33 47 0092601

Fón Póca

+33 60 8153299‬

 

Uaireanta Gnó:
Dúnta le haghaidh gnó seirbhíse go dtí go bhfógrófar a mhalairt.