PENGUIN PIANOS

Le Bourg
L'ancien Bureau de Poste
Louroux-Bourbonnais

Allier
France

T +33 470092601
M +353 87 9150068

Múinteoirí Pianó

Conas a aimsiú Múinteoir Piano?

Go minic iarann tuismitheoirí orainn múinteoir maith pianó nó scoil maith ceoil ina gceantar féin a mholadh. Bíonn áthas orainn cabhrú leo nuair a bhíonn an t-eolas againn. Ba mhaith linn, áfach, céim eile ar aghaidh a thógáil anois agus rochtain ar fhaisnéis a éascú do gach uile dhuine. Mar sin, rinneamar cinneadh liosta iomlán de mhúinteoirí ceoil a thiomsú anseo ar www.penguinpianos.com. Más múinteoir ceoil tú, déan teagmháil linn le do thoil le do shonraí agus do cháilíochtaí ionas go mbeidh cliaint a bhfuil suim acu i ranganna ceoil ábalta dul i dteagmháil leat go díreach.

Ansin, is féidir linn iad seo a leanas a thairiscint duit - éisteachtaí speisialta le ceoltóirí, fruiliú uirlisí le haghaidh scrúduithe, cuairteanna na mac léinn ar ócáidí agus ar seimineáir inár gceardlann nó thar lear - is iomaí féidearthacht atá ann!

Is féidir linn freisin rátaí iomaíocha a thairiscint do mhúinteoirí agus do scoileanna ceoil i gcomhair na pianónna atá acu a bheith deisithe nó i gcomhair pianónna a fháil in ionad na n-uirlisí caite. Geallaimid go sábhálfaidh tú airgead gan ardchaighdeáin a chur i gcontúirt. Déan teagmháil linn le do thoil chun tuilleadh sonraí a fháil.

Déanaimid pianónna agus mórphianónna a sheirbhísiú i láthair na huaire in institiúidí amhail Acadamh Domhanda Ceoil agus Rince na hÉireann. Le tacaíocht uaitse, is é an cuspóir atá againn caighdeáin phianó a choinneáil agus a fheabhsú duitse agus do do mhic léinn sa todhchaí.

Ar deireadh, samhlaigh go bhféadfadh teicneoir pianó do phianó féin a sheirbhísiú, teicneoir a rinne obair go paiseanta díograiseach ar phianó a sheinn agus a bhí i seilbh Wilhelm Kempff...

Faigh sonraí rochtana duit féin anois,
ní gá duit ach ceist a chur!

Thinking about Piano Lessons?

Glaoigh orainn inniu!

Teileafón

+33 47 0092601

Fón Póca

+33 60 8153299‬

 

Uaireanta Gnó:
Dúnta le haghaidh gnó seirbhíse go dtí go bhfógrófar a mhalairt.