PENGUIN PIANOS

Le Bourg
L'ancien Bureau de Poste
Louroux-Bourbonnais

Allier
France

T +33 470092601
M +353 87 9150068

Ar Díol
Gary Pons ~ PlexArt


Stars-Mtiersopt.png

Trí chorda agus tosaíonn an draíocht. Gan dabht sásóidh cumhacht an doird dhomhain, teolaíocht agus saibhreas an mheán-raoin, an tribil shoiléir agus an dóigh bhreá seanma na ceoltóirí is doilí a shásamh ... gan trácht ar na daoine a bhfuil grá acu do rudaí áille iontacha.

Is féidir gach cineál Pianó Gary Pons a ordú anois! Tógtha go leithleach ar éileamh.

Tá na pianónna Plexart® ó rogha nua de chuid Gary Pons deartha chun ardchaighdeán feabhais a bhaint amach. Is é an tondath eisceachtúil atá ag na pianónna seo atá chomh meallacach, arna ndéanamh nuair atá déantúsaíocht Fhrancach cháiliúil faoi lán seoil agus iad deartha go faiseanta galánta. Is pianó leithleach gach pianó Gary Pons, lámhdhéanta ag máistircheardaithe a úsáideann scileanna sinseartha. Cruthaíonn siad saothar ealaíne mar gheall ar a bpaisean. Agus iad ar thóir na foirfeachta de shíor, úsáideann siad na hábhair is fearr, ag gabháil le traidisiún na sócúlachta ar mhodh na Fraince.

In 2010, cuireadh pianó Gary Pons isteach leis an rogha Luxuria i Monacó, áit a gcuirtear saothar na ndéantóirí is fearr ón gcúig mhór-roinn le chéile. Is pianónna dodhearmadta iad pianónna Gary Pons.

Is sraith eisiach Plexart® ina bhfuil 6 mhórphianó agus 3 phianó ingearach, gach ceann acu uimhrithe agus sínithe ag a dhéantóir.

Tá pianónna Gary Pons aitheanta ar fud an domhain agus tugtar de phribhléid leo go bhfuil ceol a spreagann an croí ag baint leo agus tá bród orainn na cinn bhreise seo a chur i do láthair ...

LogoGaryPons-BG-Trans-BW.png
FíseánÍoslódáil CatalóigeDéan Teagmháil Linn

Téacs agus Íomhá Cóipcheart © 2011 le cead ó Gary Pons

Price P.O.A. SKU [saincheaptha rinneadh a ordú]

Do you wish to try these pianos? Click here...