PENGUIN PIANOS

Le Bourg
L'ancien Bureau de Poste
Louroux-Bourbonnais

Allier
France

T +33 470092601
M +353 87 9150068

Luacháil agus Meastóireacht

... an bhfuil réadán, múscáin numhiúla, críonlobhadh, téada meirgeacha, pionnaí tiúnta scaoilte agus mar sin de ann?

B’fhéidir go bhfuil pianó agat sa bhaile agus go dteastaíonn uait do roghanna a mheas. B’fhéidir go bhfuil pianó i do sheilbh anois nach raibh baint agat féin lena fháil. Nó, b’fhéidir go bhfuil suim agat i gceannach pianó, ach ba mhaith leat tuairim eile a lorg.

B’fhéidir go bhfuil suim níos sainiúla agat. Má tá sé ar intinn agat pianó a cheannach nó a dhíol ar líne nó i gcló, is féidir linn an pianó a scrúdú agus miontuairisc luachmhar a thabhairt duit ar staid an phianó agus a pháirteanna meicniúla. Cuirimid an tseirbhís seo ar fáil do dhaoine aonair agus tithe ceantála araon. Is úsáideach an tseirbhís é go háirithe má bhíonn turas fada romhat chun an pianó a cheannach nó a dhíol.

Agus úsáid á baint as an ardteicneolaíocht atá ar fáil go forleathan anois, is féidir linn pianónna i gceantair iargúlta tuaithe a mheas agus a scrúdú tríd an idirlíon agus meastóireacht trí cheamara gréasáin a thabhairt duit a chuideoidh leat na ceisteanna coitianta a fhreagairt. Ciallaíonn sé seo go mbeidh tú ábalta d’fhadhb a thaispeáint dúinn, nó go mbeimid ábalta oibrithe inmheánacha an phianó i gceist a thaispeáint duit. Ciallaíonn sé freisin go seachnóidh tú turais agus costais nach bhfuil gá leo agus an díomá mhór a bheadh ann dá n-aistreofaí pianó a mbeadh fadhbanna ag baint leis isteach i do theach. Is féidir linn grianghraif a thógáil faoi chianrialú agus iad a chur chugat i bhformáid lena mbeidh tú sásta - is iomaí féidearthacht atá ann. Chun tuilleadh sonraí faoin tairiscint nua sin a fháil seol ríomhphost nó

glaoigh ar +353 65 6848076.

Is féidir linn seirbhís bhailíochtaithe barántaí a chur ar fáil do dhéileálaithe pianó le haghaidh na bpianónna a dhíolann siad dá gcustaiméirí. Baineann ár gcliaint úsáid freisin as ár seirbhís luachála agus meastóireachta chun doiciméid árachais a chomhlánú nó chun pleananna athshlánaithe ó thubaiste a chur i bhfeidhm.

Is cuma céard atá de dhíth ort, déan teagmháil linn - is féidir linn cabhrú leat. Is seirbhís ionraic dhíreach an tseirbhís luachála agus meastóireachta a chuirimid ar fáil. Déan teagmháil linn agus déanfaimid iniúchadh ar an bpianó i gceist. Is féidir linn luacháil nó meastóireacht ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt duit, de réir do riachtanas féin. Le do thoil déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil faoin tseirbhís luachmhar seo.

Glaoigh orainn inniu!

Teileafón

+33 47 0092601

Fón Póca

+33 60 8153299‬

 

Uaireanta Gnó:
Dúnta le haghaidh gnó seirbhíse go dtí go bhfógrófar a mhalairt.