PENGUIN PIANOS

Le Bourg
L'ancien Bureau de Poste
Louroux-Bourbonnais

Allier
France

T +33 470092601
M +353 87 9150068

Maidir Linne

Céard é an scéal maidir le Penguin Pianos?

D’fhás Veit Kuhn, an bunaitheoir, aníos i Sonneberg/Thuringen, baile sa Ghearmáin. Óna athair a fuair sé an grá don adhmad agus don sárcheardaíocht, luachanna ar a bhfuil ardmheas ag Veit, luachanna a thug sé leis go hÉirinn agus a úsáideann sé anois in Penguin Pianos. Is teicneoir pianó dúthrachtach é Kuhn ó 1992 i leith. Tar éis 12 bliana ag obair mar thiúnadóir pianó sa Ghearmáin agus ar fud na hEorpa, d’oscail é féin agus a bhean chéile, Rania, Penguin Pianos i Lios Dúin Bhearna, Contae an Chláir in 2004. Go luath ina dhiaidh sin, aistríodh Penguin Pianos go hInis. Tá an gnó ag teacht i dtreis ó shin, agus in Iarthar na hÉireann anois is comhchiallach iad an t-ainm Penguin Pianos agus pianónna ingearacha agus mórphianónna clasaiceacha d’ardchaighdeán.

Inár bhfoirgneamh in Inis tá áit ina ndéantar ceolchaibinéid agus ceardlann theicniúil araon. Anseo, déanann an fhoireann bheag speisialaithe pianónna agus mórphianónna a dheisiú agus a athchóiriú agus úsáid á baint as modhanna traidisiúnta éiceabhácha agus modhanna nua-aimseartha éiceabhácha le haghaidh cliant ar fud na tíre.
Restoration of Ivory Keyboards

... agus cad as a thagann an t-ainm "Penguin Pianos"?

Tá gnaoi ar Phiongainí agus ar Phianónna ar fud an domhain mar gheall ar a “gcuma ingearach" agus a bhfiosracht nádúrtha. Go minic cuirtear na dathanna suntasacha dubh-agus-bán atá orthu i gcosúlacht leis na dathanna a bhíonn ar sheaicéad dinnéir - nach mbeadh mí-oiriúnach ar lucht éisteachta i gceoláras! Tá dlúthchosúlacht freisin idir dubh agus bán chleití na piongaine agus éabann agus eabhar mhéarchlár an phianó agus is foirfe an t-ainm Penguin Pianos nuair a chuirtear tréithe láidre uamacha an fhocail ‘piongain' leis an íomhá mhonacrómatach a bhaineann leis - ní féidir súil ná cluas a dhúnadh air!

Glaoigh orainn inniu!

Teileafón

+33 47 0092601

Fón Póca

+33 60 8153299‬

 

Uaireanta Gnó:
Dúnta le haghaidh gnó seirbhíse go dtí go bhfógrófar a mhalairt.