PENGUIN PIANOS

Le Bourg
L'ancien Bureau de Poste
Louroux-Bourbonnais

Allier
France

T +33 470092601
M +353 87 9150068

Nótaí faoi Phianónna

Go dtí seo, rinne a lán úinéirí pianónna agus daoine a bhfuil grá mór acu don cheol clasaiceach, déileálaithe pianó in Éirinn agus tiúnóirí pianó in áiteanna eile san áireamh, na huirlisí ceoil is fearr a chur ar iontaoibh cheardlann Penguin Pianos chun iad a dheisiú, a sheirbhísiú nó a ollchóiriú. Mar sin leanfaimid ar aghaidh ag cabhrú chomh maith agus is féidir linn i gcónaí lenár gcliaint, cairde ceoil a oibríonn go príobháideach agus in institiúidí.

Rania agus Veit ♫

 

A child playing the piano.

"Two little birdies taught me"

Olaphictiúr ar Chanbhás le Rania Kuhn (RORO), 2009
Pictiúr Bunaidh 60x80 cm

www.raniakuhn.com

  

Noda agus Comhairle do Thuismitheoirí

Bígí dáiríre faoin gceol a sheinneann bhur bpáistí. Ná labhraígí riamh go díspeagúil faoin gceol a sheinneann siad, fiú amháin má bhíonn fuaimeanna uafásacha ag teacht ón bpianó! (Ag an bpointe seo is ríthábhachtach pianó maith atá i dtiúin a bheith acu agus gan rogha a dhéanamh an ceann is saoire a fháil sa sladmhargadh nó sa halla ceantála, ceann a bhfuil boladh as agus le téada a bhfuil meirg orthu). Bíonn páistí an-ghoilliúnach agus is féidir iad a ghortú go dona má thugtar “gliogarnach”, “plabadh”, “tiompáil” nó “cigilt eabhair” ar an gcaoi a seinneann siad an pianó. Is tábhachtach go gcuimhnímid i gcónaí go bhfuil teorainn leis an méid is féidir a dhéanamh leis na nótaí eabhair leo féin; caithfidh na nótaí éabainn a bheith i dteannta leo chun ceol álainn a bheith ann. Is ciapadh bambairneach daoibhse agus do bhur bpáistí mura dtagann fuaim cheart ó na nótaí go léir nó má bhíonn nótaí righin nó greamaitheach nó má bhíonn nótaí nach bhfuil fuaim ar bith astu nuair a sheinntear iad.

Tugaigí spreagadh do bhur bpáistí an pianó a sheinm, fiú amháin nuair nach mbíonn fonn orthu é a dhéanamh. Tugaigí tacaíocht dóibh nuair a bhíonn deacrachtaí acu agus nuair a bhíonn fonn orthu éirí as. Déanaigí iarracht cur ina luí orthu an tábhacht a bhaineann le buanseasmhacht a chothú agus constaicí a shárú. Ag an am céanna is ríthábhachtach gan brú a chur orthu riamh. Seachnaígí ceisteanna mar seo a chur orthu: “An ndearna sibh cleachtadh inniu?" Is fearr ceist mar seo a chur “An gcaithfidh sibh tamaillín ag seinm an pianó inniu?" D’fhéadfadh fochiall dhiúltach a bheith ag baint le téarmaí ar nós “cleachtadh” - samhlaítear go mbíonn obair chrua, sclábhaíocht agus cruatan i gceist. Go cinnte beidh orthu codanna áirithe de phíosa ceoil a “chleachtadh” ionas go mbeidh siad in ann iad a sheinm níos fearr, ach d’fhéadfadh éifeacht dhiúltach shíceolaíoch a bheith ann má dhéantar an focal “cleachtadh” agus seinm pianó a chomhcheangal i gcónaí .

Caithigí am ag éisteacht le bhur bpáistí. Tugaigí spreagadh dóibh a bhfuil á fhoghlaim acu a sheinm daoibh, ach ná cuirigí faoi bhrú iad é sin a dhéanamh. Molaigí iad go haer, ach toisc go bhfuil tuiscint mhaith ag páistí ar an bhfírinne, bíodh réalachas agus macántacht ag gabháil leis an moladh. Bíonn a fhios ag na páistí féin cad iad na laigí a bhíonn acu. Bígí cúramach breithiúnas a thabhairt ar an gcaoi a seinneann siad agus thar aon rud eile seachnaígí comparáid a dhéanamh idir iad agus a gcairde nó a siblíní.

Need a Piano restored or mended?

Glaoigh orainn inniu!

Teileafón

+33 47 0092601

Fón Póca

+33 60 8153299‬

 

Uaireanta Gnó:
Dúnta le haghaidh gnó seirbhíse go dtí go bhfógrófar a mhalairt.