PENGUIN PIANOS

Le Bourg
L'ancien Bureau de Poste
Louroux-Bourbonnais

Allier
France

T +33 470092601
M +353 87 9150068

Tiúnadh Pianó

Is féidir linn a tune do Pianó[nna] ró ... 

Cibé áit a bhfuil cónaí ort in Éirinn, déanaimid iarracht seirbhís tiúnta iontaofa a chur ar fáil duit chun d’uirlis ceoil a choimeád i dtiúin agus chun deimhin a dhéanamh de go bhféadtar í a sheinm - go foirfe. Más gá níos mó aire a thabhairt do do phianó, is féidir linn na féidearthachtaí deisiúcháin agus feabhsúcháin a phlé go mion leat.

Má tá cónaí ort i gcontae seachas Co. an Chláir, agus más mian leat do phianó a sheirbhísiú, déanfaimid coinne duit nuair a bheimid ar an gcéad turas seirbhíse tiúnta eile i do cheantar féin.
Teastaíonn uainn anseo ag Penguin Pianos go dtabharfaidh ár bpianónna áthas agus pléisiúr duit sna blianta amach romhat. Má tá ceisteanna nó údair imní eile agat faoi do phianó, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn aon uair.

Is cuma cad iad na fadhbanna tiúnta atá ag do phianó, is comhalta formheasta é Veit Kuhn den chomhlachas Gearmánach de dhéantóirí pianónna B.D.K. agus is aige atá na huirlisí agus saineolas 20 bliain chun ‘armóin’ a tabhairt ar ais i do shaol!


Toncheartú Pianó

Bíonn a thon féin ag gach pianó - a fhuaim féin agus a mhothúchán féin. Is pearsantacht an phianó é sin. Ach, nuair a sheinntear an pianó arís agus arís eile, éiríonn an fheilt ar na casúir crua in áiteanna áirithe le himeacht ama agus téann caighdeán an tondatha in olcas, rud a chiallaíonn go mbíonn fuaim bhorb ó roinnt nótaí agus go mbíonn nótaí eile marbh gan anam, amhail is nach bhfuil scála deas crómatach armónach ann a thuilleadh. Cibé fadhb atá agat, féadfaidh Veit na roghanna éagsúla maidir le toncheartú a phlé leat ionas gur féidir an pianó a sheinm go ceolmhar arís. Chun go mbeidh an fhuaim is fearr as do phianó, moltar duit é a sheirbhísiú go proifisiúnta ar thráthanna rialta agus aire faoi leith a thabhairt dó uair sa bhliain, go háirithe más luachmhar an pianó duit fiú amháin mura seinntear go minic é.


Rialú ar Ghníomhú Pianó

Is casta íogair é gníomhú pianó (is é sin, an mheicníocht seanma laistigh). Ní mór é a chothabháil i gceart ionas go bhféadfar an pianó a sheinm mar uirlis ceoil ar an tslí a dearadh é, ionas go mbeidh an fhuaim cheart as na heochracha agus ionas go mbeidh tú in ann cleachtadh nó seinm leis an gcruinneas agus leis an gcruthaitheacht is fearr.

Tá iliomad páirteanna den phianó a bhféadfadh dochar a bheith déanta dóibh de bharr athruithe de shaghsanna éagsúla. Agus tagann athruithe i gcónaí sa seinm ceoil mar thoradh ar athruithe sa phianó féin, fiú má tharlaíonn na hathruithe sin de réir a chéile thar tréimhse fhada. Mar chúiteamh ar an damáiste de bharr caitheamh agus cuimilt, ba chóir meicníocht an phianó a choigeartú ó am go ham ar an láithreán. Nuair a dhéanann tú socrú an chothabháil seo a bheith déanta go proifisiúnta air, déanann tú do phianó a chosaint ar chruatan agus ar dhamáiste neamhriachtanach. Mar thoradh air sin, feidhmíonn gach eochair go réidh agus go cothrom - ní bhíonn aon eochair greamaitheach ná dord gleoránach ann. Seans go dtabharfaidh tú faoi deara go mbeidh feabhas suntasach ar do sheinm ceoil. Beidh do phianó buíoch díot as glaoch a chur ar Penguin Pianos!

Arrange your Piano Tuning ♩

Glaoigh orainn inniu!

Teileafón

+33 47 0092601

Fón Póca

+33 60 8153299‬

 

Uaireanta Gnó:
Dúnta le haghaidh gnó seirbhíse go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

Professional Piano Tuning